Scoil Éanna: Fís d’Oideachas na hÉireann

Mar thoradh ar a chuid oibre do Chonradh na Gaeilge, d’éirigh an Piarsach lánchinnte de gurb é an t-oideachas an rud ba thábhachtaí d’athbheochan na Gaeilge.  Chuige sin, bhunaigh sé a scoil féin, Scoil Éanna, i dTeach Fhiodh Cuillinn i Raghnallach in 1908. Bhí “Irish standpoint and atmosphere” le bheith ag Scoil Éanna agus bheadh sé bunaithe ar an dá ghné a shíl sé féin a bheith lárnach i gcóras ársa oideachais na nGael: saoirse don dalta aonair agus teagasc spreagúil.

Bhí an Piarsach faoi thionchar na dteoiricí oideachais ba nua-aoisí chomh maith. D’imigh teoiricí Maria Montessori agus go háirithe an ‘Modh Díreach’ de theagasc teangacha, a bhfaca sé in úsáid i scoileanna dátheangacha na Beilge, go mór i bhfeidhm air. Mhúinfí ranganna sa dá theanga, Gaeilge agus Béarla, agus bheadh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil na scoile. Turas eachtraíochta ina spreagfaí samhlaíocht na ndaltaí agus ina bhforbrófaí an cumas a bhí iontu go léir a bheadh in oideachas i Scoil Éanna.

“I dwell on the importance of the personal element in education. I would have every child not merely a unit in a school attendance, but in some intimate personal way the pupil of a teacher, or to use more expressive words, the disciple of a master … the main objective in education is to help the child to be his own true and best self. What the teacher should bring to his pupil is not a set of readymade opinions, or a stock of cut-and-dried information, but an inspiration and an example…”

– Pádraig Mac Piarais, The Murder Machine, 1916.

Saol na Scoile

D’fhreastail seachtó buachaill ar an scoil sa chéad bhliain, idir scoláirí cónaithe agus scoláirí lae. Mar bhreis ar na gnáthábhair scoile cuireadh an-bhéim ar ábhair phraiticiúla nua-aoiseacha, an eolaíocht, eolas an dúlra agus teangacha Eorpacha ina measc. Tugadh tacaíocht don spórt, don drámaíocht, don cheol agus don rince Gaelach chomh maith. B’annamh a chleachtaí pionós corportha agus níor ullmhaíodh na buachaillí don scrúdú Idirmheánach stáit ach dá mba rud é gur lorg na tuismitheoirí go sonrach é.

Bhí áit lárnach ag an ealaín i saol na scoile. Bhí an foirgneamh féin maisithe le píosaí suntasacha d’ealaín Éireannach na linne, saothair le Beatrice Elvery, George Russell agus Jack B. Yeats ina measc. Liam Mac Piarais a bhí ina mhúinteoir ealaíne. Ar na daltaí a mhúin sé bhí Pádraic Ó Tuathaigh, a bhí ar dhuine de mhórphéintéirí Éireannacha an fichiú haois. Bhí an t-ádh leis an bPiarsach maidir leis na múinteoirí spreagúla, fuinniúla a d’fhostaigh sé, ar a raibh na filí Tomás Mac Donnchadha agus Pádraic Colum. Chomh maith leis sin tháinig roinnt de na daoine ba thábhachtaí i saol cultúrtha na tíre ag an am go dtí an scoil chun léachtanna a thabhairt, Dubhghlas de hÍde, Maude Gonne agus W.B. Yeats ina measc.

“… I claim that the ancient Irish system possessed pre-eminently two characteristics: first, freedom of the individual and, secondly, an adequate inspiration. Without these two things you cannot have education, no matter how well you may elaborate educational machinery, no matter how you may multiply educational programmes.”

– Pádraig Mac Piarais, Education Under Home Rule.

Scoil do Laochra

Spreagadh na buachaillí le luachanna an laochais, an tírghrá agus na huaisleachta a chur rompu i gcónaí. Ba mhinic tagairtí do sheanlaochra na nGael, Fionn Mac Cumhaill, Cú Chulainn agus a leithéidí, mar aon le pearsana níos nua-aoisí ar nós Robert Emmet, an tírghráthóir agus réabhlóidí, ina dtimpeall sa scoil. Bhí na drámaí agus na tóstail a cheap an Piarsach do na buachaillí dírithe ar ghaiscígh a rinne gníomhartha móra laochais agus féiníobartha.

Idéalaí paiseanta ba ea an Piarsach. Chreid sé gur chóir go mbeadh “the worthiest home” ag scoil leis an “highest aim in education”. Bhog sé Scoil Éanna amach go dtí an Hermitage in 1910. Bhí sé faoi dhraíocht ag an seanteach álainn ón ochtú haois déag agus an fearann fairsing faoi ghrua Shliabh Chill Mochióg. Thabharfadh sé nasc leis an saol nádúrtha do na buachaillí agus chruthódh sé an spiorad ba ghá chun laochra a mhúnlú, dar leis. Mar bhreis air sin, bhí sé ráite gur anseo, ar fhearann an tí seo, a mbuaileadh Robert Emmet faoi rún lena ghrá geal, Sarah Curran, sular thionscain sé a éirí amach tubaisteach in 1803. Tar éis a bhog an scoil amach, ba é Emmet a bhí mar phríomhspreagadh ag an bPiarsach agus ag a scoil.

“A heroic tale is more essentially a factor in education than a proposition in Euclid. The story of Joan of Arc or the story of young Napoleon means more for boys and girls than all the algebra in all the books. What the modern world wants more than anything else, what Ireland wants beyond all other modern countries, is a new birth of the heroic spirit.”

– Pádraig Mac Piarais, The Murder Machine, 1916.

Géarchéim Airgid

Ar deireadh, bhí costas ró-ard ar an Hermitage. In ainneoin na láithreach maorga, tháinig laghdú ar líon na ndaltaí nuair a bhog an scoil amach go Ráth Fearnáin, rud a chiallaigh go raibh laghdú ar an ioncam ó tháillí scoile. Go simplí, bhí sé rófhada amach ón gcathair do go leor de na daltaí lae. D’fhág an titim sa teacht isteach, mar aon leis na fiacha a bhí ar an scoil cheana féin agus an cíos sa bhreis a bhí ar an Hermitage go raibh an scoil an-ghar de thitim i bhféimheacht go mion minic.

An streachailt leanúnach seo a bhain lena scoil a choimeád sa tsiúl, chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an bhfís a bhí ag an bPiarsach d’Éirinn. Ba léir dó nach mbeadh rath ar scoil idéalach agus nuálach ar nós Scoil Éanna ach i sochaí a bhí neamhspleách ó thaobh na polaitíochta agus an chultúir araon de. Thosaigh sé ag díriú níos mó ar pholaitíocht na réabhlóide as sin amach.

“In most of the enterprises of life a fund of faith is a more valuable asset than a sum in Consols.”

– Pádraig Mac Piarais, An Macaomh, Nollaig 1910.

1916 agus Scoil Éanna

Agus an bhéim sin ar thírghrá agus ar laochas chomh láidir sin sa scoil, is beag an t-iontas gur ghlac go leor iardhaltaí páirt san Éirí Amach. Bhí grúpa amháín d’iardhaltaí, ar a dtugtaí ‘the Dogs’, curtha fúthu sa scoil fiú agus iad ag freastal ar an Ollscoil. Chuir siad seo buamaí le chéile faoi rún in íoslach na scoile. Go leor de na daltaí seo, ba é an meas a bhí acu ar an bPiarsach, ach oiread lena ngrá d’Éirinn, a spreag iad le troid san Éirí Amach. Bhí Tomás Mac Donnchadha agus Con Colbert, beirt a mhúin sa scoil tráth, lárnach san Éirí Amach chomh maith agus bhí siad orthu siúd a cuireadh chun báis ina dhiaidh.

Cé nach raibh aon duine de na buachaillí a d’fhreastail ar Scoil Éanna in 1916 páirteach san Éirí Amach, ní raibh aon slí go seachnódh an scoil na hiarmhairtí. Ba i Scoil Éanna a tharla go leor de na cruinnithe ba thábhachtaí roimh an Éirí Amach agus ba mhinic a d’úsáideadh Óglaigh na hÉireann an fearann chun druileála.

“The teacher who cannot, if he wishes, arouse a patriotic spirit in the breasts of Irish boys and girls is not worth his salt.”

– Pádraig Mac Piarais, An Claidheamh Soluis, 1908.

“Yet when Padraig passed to his reward the school was neglected and forgotten. Indeed, during his life it never got the measure of support which would enable it to live and develop. But it has been worse, very much worse, since his death, until many people have forgotten its existence.”

– “Cu Uladh”, Let St. Enda’s Flourish.

Scoil Éanna i nDiaidh an Phiarsaigh

Dhún an scoil tar éis Éirí Amach 1916. Ach, le cabhair a chairde, iar-dhaltaí agus múinteoirí na scoile d’oscail sé arís níos déanaí sa bhliain, ar ais i dTeach Fhiodh Cuillinn. Ceapadh Seosamh Mac Donnchadha, deartháir Thomáis, ina phríomhoide. D’aistrigh Scoil Éanna ar ais amach go dtí an Hermitage in 1919 agus ceannaíodh é ar mhaithe le Bean Mhic Phiarais in 1920, le hairgead a bhailigh an Save St Enda’s Fund sna Stáit Aontaithe den chuid is mó.

Ach ní raibh rath ar Scoil Éanna. Gan Pádraig Mac Piarais ina bhfeighil, ní raibh an fuinneamh agus an fhís a rinne chomh heisceachtúil agus chomh spreagúil sin é ann a thuilleadh. Ní raibh na cáilíochtaí ná an cumas ag Bean Mhic Phiarais ná a hiníon, Maighréad, scoil rathúil a dhéanamh de. Chun donais a ndeachaigh na caighdeáin acadúla agus thit líon na ndaltaí dá réir. Dhún an scoil ar deireadh thiar in 1935.

Léigh faoin ról a d’imir Scoil Éanna in Éirí Amach 1916.

Foghlaim Tuilleadh