Éirí Amach na Cásca 1916

Óglaigh na hÉireann agus Camchuairt an Phiarsaigh ar Mheiriceá

Bhunaigh an Piarsach a pháipéar nuachta féin in 1912, ‘An Barr Buadh’. Cé go raibh ceisteanna cultúrtha agus oideachais fós ag dó na geirbe dó, léiríonn go leor den ábhar a scríobh sé don pháipéar go raibh a spéis i bpolaitíocht na hÉireann ag fás i gcónaí. I mí na Samhna 1913 bhí sé i measc bhunaitheoirí Óglaigh na hÉireann (na ‘Irish Volunteers’), a bunaíodh chun “na cearta agus na saoirsí atá i gcoitinne ag muintir na hÉireann uile a bhaint amach agus a chosaint”. Bhí an Piarsach measartha ó thaobh na polaitíochta de ar feadh formhór a shaoil go dtí sin, ag tabhairt a chuid tacaíochta do Rialtas Dúchais, ach tháinig sé níos mó agus níos mó faoi thionchar dhaoine áirithe i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann (an tIRB). Eagraíocht rúnda ba ea an tIRB a bhí meáite ar Éirinn neamhspleách a bhaint amach leis an lámh láidir.

Thug an Piarsach faoi chamchuairt léachtóireachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá in 1914, mar réiteach ar na deacrachtaí airgid a bhí á chrá agus chun airgead a bhailiú do Scoil Éanna. Mionnaíodh san IRB é sular fhág sé. Bhí na poblachtánaigh i measc na nGael-Mheiriceánach mar chomhluadar aige agus é thall i Meiriceá. Bhí tionchar an-láidir ag a thuras air agus rinne sé radacú ar a dhearcadh polaitiúil. Faoin tráth a d’fhill sé ar Éirinn bhí sé lántugtha do pholaitíocht na réabhlóide.

“There has been nothing like this movement in Ireland in our time. The whole country is organising and drilling and clamouring for arms… The spirit of the country is splendid and if God only inspires us with the right thing to say and do so as to keep the movement straight, … we shall have made history.”

– Litir ó Phádraig Mac Piarias go James Reidy, Nua-Eabhrac, 14 Meitheamh, 1914.

“Beside the grave he stood, impressive and austere in green, with slow and intense delivery, and as he cried aloud upon the fools he threw back his head sharply and the expression seemed to vivify the speech which ended calmly and proudly. He walked home alone, and sat in his study: at last he had spoken the just word he sought to immortalise a man less great than himself.” – Deasmhumha Ó Riain, Remembering Sion.

Óráid Adhlactha Uí Dhonnabháin Rosa

Deis bolscaireachta den scoth do Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann (an tIRB) ba ea sochraid an tSean-Fhínín, Jeremiah Ó Donnabháin Rosa. Bhí Ó Donnabháin Rosa ar deoraíocht sna Stáit Aontaithe le fada an lá de bharr na dtuairimí antoisceacha polaitiúla a chleacht sé. Tharla a shochraid i Reilig Ghlas Naíon ar an gcéad lá de Lúnasa 1915 agus bhí sé ar cheann de na sochraidí ba mhó a bhfacthas riamh i mBaile Átha Cliath.

Tomás Ó Cléirigh a leag ar chrann an Phiarsaigh an óráid adhlactha a thabhairt. Duine de cheannairí an IRB ba ea an Cléireach. Mhol sé don Phiarsach, “go as far as you can. Make it hot as hell, throw all discretion to the winds”. Chinntigh scileanna an Phiarsaigh mar scríbhneoir, mar aon lena chumas óráidíochta agus an bealach spreagúil mothúchánach a thug sé an óráid, go mbeadh áit aige mar cheann de na pearsana lárnacha in aon éirí amach a bhí le teacht.

An Piarsach ag labhairt os comhair slua, an Carnán, 30 Iúil 1915. OOP.

“And I say to my people’s masters: Beware,
Beware of the thing that is coming, beware
of the risen people,
Who shall take what you would not give.”

– Pádraig Mac Piarais “The Rebel”, 1916.

Ullmhúcháin

Mar Cheannasaí an Ullmhúcháin Mhíleata in Óglaigh na hÉireann agus mar bhall d’Ard-Chomhairle agus de Chomhairle Mhíleata an IRB araon, bhí an Piarsach anois go láidir san fhaicsean radacach sa dá eagraíocht. Bhí sé páirteach sa phleanáil rúnda d’éirí amach oscailte i mBaile Átha Cliath. Ba mhinic cruinnithe faoi cheilt á dtionól i Scoil Éanna.

Fiú agus an Piarsach faoi ualach réimse dochreidte leathan de dhualgais agus de fhreagrachtaí, fós féin d’éirigh leis go leor ábhar litríochta a chur amach sa tréimhse seo. Tá scáth na n-eachtraí a bhí le teacht le feiceáil ar go leor den saothar ficsin a scríobh sé, le béim ar an bhféiníobairt agus an mbás. Scríobh sé cúig phaimfléad pholaitiúla san iomlán sa chéad trí mhí de 1916. Ní raibh coinne aige go dtiocfadh sé tríd an éirí amach a bhí os a chomhair agus shíl sé go mbeadh na paimfléid seo mar uacht pholaitiúil uaidh do na glúnta a bhí le teacht.

The Wayfarer

The beauty of the world hath made me sad,
This beauty that will pass;
Sometimes my heart hath shaken with great joy
To see a leaping squirrel in a tree,
Or a red lady-bird upon a stalk,
Or little rabbits in a field at evening,
Lit by a slanting sun,
Or some green hill where shadows drifted by
Some quiet hill where mountainy man hath sown
And soon will reap; near to the gate of Heaven;
Or children with bare feet upon the sands
Or some ebbed sea, or playing on the streets
Of little towns of Connacht,
Things young and happy.
And then my heart hath told me:
These will pass,
Will pass and change, will die and be no more,
Things bright and green, things young and happy;
And I have gone upon my way
Sorrowful.

Éirí Amach 1916

“The men have fought with wonderful courage and gaiety, and whatever happens to us, the name of Dublin will be splendid in history for ever. Willie and I hope you are not fretting, and send you all our love.”
– Pádraig Mac Piarais go dtí a mháthair, 26 Aibreán 1916.

Ceapadh Pádraig Mac Piarais mar Ard-Cheannasaí agus mar Uachtarán ar Phoblacht na hÉireann ar Luan Cásca, 24 Aibreán 1916 nuair a tionscnaíodh éirí amach faoi arm in aghaidh riail na Breataine in Éirinn. Gabhadh Ard-Oifig an Phoist (an GPO) i mBaile Átha Cliath agus léigh an Piarsach amach an Forógra a bhunaigh Poblacht na hÉireann. Bhí baint an-mhór ag an bPiarsach le cruthú an doiciméid seo agus tá go leor de na hidéil a bhí aige d’Éirinn neamhspleách le feiceáil ann.

Chuir an Piarsach faoi in Ard-Oifig an Phoist ar feadh formhór Sheachtain na Cásca, a dheartháir Liam lena ais. Thug sé go leor dá chuid ama ag scríobh ábhar bolscaireachta agus ag iarraidh misneach na gceannairceach a thógáil. Bhí fórsa níos mó na Breataine rómhaith do na ceannaircigh ar deireadh agus b’éigean Ard-Oifig an Phoist a thréigean faoi thráthnóna Dé hAoine. Bhí an bheirt Phiarsach ar na trodairí deireanacha a thug na cosa leo sular loisceadh an foirgneamh go hiomlán.

Faigh amach céard a tharla tar éis an Éirí Amach, agus faoin ról a d’imir na deirfiúracha Nic Phiarais i scéal Scoil Éanna.