Gailearaí
Cliceáil ar aon íomhá chun taispeántas sleamhnán a oscailt.
Músaem na bPiarsach agus Páirc Naomh Éanna
Seomraí Taobh Istigh
Óige agus Teaghlach
Saol na Scoile
An tÉirí Amach

4ú Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath. Buaiteoirí trófaí ag Scoil Éanna Ráth Fearnáin, 5 Meán Fómhair 1915. Grianghraf tógtha ag Halla Druileála Chamaí, 12-09-15. Ar cúl: : Sean Tracy, Paudge O’Broin, Gabriel Murray, Brian McCormack, Sean O’Broin, Henry Murray (aidiúnach). Chun tosaigh: Gerald Murray,Fred Schweppe, Pat Mason, Edward McNamara, Louis McDermott, Dennis Dunne. OOP.

Grúpa d’iardhaltaí in éide na nÓglach ag Scoil Éanna ar Domhnach Cásca 1916. Ina seasamh, ar cúl: Éamonn Builfin, Conchubhar Mac Fhionnlaoich, Deasmhumha Ó Riain, Fionntán Ó Murchadha agus Peadar Ó Slatara. Chun tosaigh, ag cromadh: Brian Seoighe, Feargus de Búrca, Adamhán Mac Fhionnlaoich agus Seosamh Mac Suibhne. OOP.

Tógadh an grianghraf seo ar chéimeanna tosaigh Scoil Éanna in 1967. Tá na fir ag seasamh d’aon ghnó san ord céanna agus a rinne siad don ghrianghraf a tógadh in 1916. Bhí beirt den ghrúpa, Peadar Ó Slatara agus Adamhán Mac Fhionnlaoich, tar éis bháis idir an dá linn agus tá bearnaí fágtha sna hionaid inar sheas siad sa ghrianghraf bunaidh. OOP.