An Hermitage

Shínigh Edward Hudson, an Fiaclóir Stáit agus Dochtúir Leighis, léas ar an talamh ar a dtugtaí na ‘Fields of Odin’ i Ráth Fearnáin ar an 2 Aibreán 1786. Bhí sí i seilbh Thomas Connolly ó Theach Bhaile an Chaisleáin i gCo. Chill Dara go dtí sin. Bhí teach agus láthair ghnó ag Hudson ar Fhaiche Stiabhna chomh maith ach thóg sé an teach ina bhfuil Músaem na bPiarsach anois mar theach tuaithe agus, oiriúnach go leor, bhaist sé ‘The Hermitage’ (‘An Díthreabh’) air.

Bhí teach mór eile, ‘The Priory’ (‘An Phrióireacht’), díreach trasna an bhóthair, áit a raibh cónaí ar an dlíodóir iomráiteach John Philpot Curran. Ba í a iníon siúd, Sarah, muirnín an réabhlóidí Robert Emmet. Tá sé ráite gur lig Hudson don lánúin óg bualadh le chéile ar fhearann an Hermitage, faoi rún i neamhchead dá hathair. Ba é an scéal seo a tharraing an Piarsach chuig an chuid seo de Ráth Fearnáin den chéad uair i samhradh na bliana 1910.

Fear an-léannta ba ea Edward Hudson agus bhí spéis thar na bearta aige san eolaíocht agus sa stair ársa. Tá rian na spéise sin le feiceáil sna leachtanna gairdín agus sna baoiseanna (‘follies’) atá scaipthe anseo agus ansiúd ar fud na páirce. Cruthaíodh go leor acu mar aithris ar leachtanna allamuigh ársa na hÉireann, an cloch oghaim ar a bhfuil a ainm féin greanta san áireamh.  Bhí an spéis chéanna i stair na hÉireann ag a mhac, William Elliot, go háirithe mar a bhain sé leis an nGaeilge. Ba é a bhunaigh an Cumann Ceilteach agus cara de Thomás Dáibhis ba ea é. Dlíodóir ba ea é agus bhí baint aige leis an gcosaint ar bheirt Éire Óg, Thomas Francis Meagher agus William Smith O’Brien, tar éis a n-éirí amach in 1848. Dhíol sé an Hermitage le comhghleacaí leis sa dlí, an breitheamh Richard Moore, in 1847. Go híorónta, ba é Moore a dhaor Meagher agus Smith O’Brien ina dhiaidh sin.

Ón mBreitheamh Moore d’athraigh an tseilbh go dtí an Maor Richard Doyne, iarshaighdiúir sa Chogadh Criméach, a cheannaigh an réadmhaoin in 1859. Tháinig sé le huacht ansin go dtí a mhac siúd, an Leifteanantchoirnéal Philip Kavanagh Doyne, a chaith formhór a shaoil le harm na Breataine san India. Sa bhliain 1898, dhá bhliain roimh a bhás féin, dhíol sé an Hermitage le William Woodbyrne, fear a rinne a chuid airgid i mianaigh dhiamaint na hAfraice Theas. Rinne Woodbyrne go leor rudaí san fhearann a fheabhsú. Is é a chruthaigh an loch ornáideach. Níor mhair sé riamh sa teach áfach, óir bhuail an eitinn a bhean chéile agus b’éigean dóibh bogadh go haeráid níos teo. Dá bharr sin, bhí sé sásta an teach a ligean ar cíos le sraith tionóntaí, an Piarsach san áireamh.

Tionónta amháin ar fiú a lua ná Sir Neville Chamberlain. Oifigeach in arm na Breataine san India ba ea é tráth agus deirtear gurb é an fear a tháinig suas le snúcar mar chluiche an chéad lá. Bhog sé isteach sa Hermitage sa bhliain 1900 nuair a ceapadh ina Phríomh-Chigire ar Chonstáblacht Ríoga na hÉireann (an RIC) é. B’iad sin an fórsa póilíneachta in Éirinn ag an am. I gcomhtharlú staire dochreidte, bhí Sir Neville i bhfeighil ar an RIC in 1916 ag an am céanna a bhí an Piarsach i gceannas ar an Éirí Amach in aghaidh riail na Breataine in Éirinn.

Foghlaim níos mó faoin scoil a bhunaigh Pádraig Mac Piarais sa Hermitage agus faoin músaem atá ann sa lá inniu.