Pleanáil Cuairt

Uaireanta Oscailte an Mhúsaeim

Samhain – Eanáir

Luan go Satharn: 9.30am – 4pm

Feabhra

Luan go Satharn: 9.30am – 5pm

Márta – Deireadh Fómhair

Luan go Satharn: 9.30am – 5.30pm

Ar an Domhnach agus ar Laethanta Saoire Bainc

Osclaíonn an músaem ag 10.00am.

Tá an músaem dúnta le linn aimsir na Nollag.

Uaireanta Oscailte na Páirce

Samhain – Eanáir

9am – 4.30pm

Feabhra

9am – 5.30pm

Márta

9am – 6pm

Aibreán

9am – 8pm

Bealtaine – Lúnasa

9am – 9pm

Meán Fómhair

9am – 8pm

Deireadh Fómhair

9am – 6pm

Ar dheireadh seachtainí agus ar Laethanta Saoire Bainc osclaíonn an Pháirc ag 10am.

Tá an Pháirc dúnta ar Lá Nollag.

Suíomh

Tá an músaem agus an pháirc thart ar ocht gciliméadar ó lár Chathair Bhaile Átha Cliath.

Taisteal

Stopann bus uimhir a 16 ag na príomhbhealaí isteach go dtí an pháirc ar Bhóthar na Gráinsí. Freastalaíonn uimhreacha 17, 75 agus 61 ar cheantar Ráth Fearnáin chomh maith. Seiceáil suíomh idirlín Bhus Átha Cliath do na sceidil is déanaí.

Tá páirceáil do ghluaisteáin agus do chóistí araon ar an láthair.

Músaem na bPiarsach agus Páirc Naomh Éanna

Músaem na bPiarsach agus Páirc Naomh Éanna

Tarraing an fhíor bhuí go dtí an pionna dearg chun féachaint ar an suíomh ag leibhéal radhairc sráide.

Áiseanna

Tá an caifé ar oscailt seacht lá na seachtaine.

Turais Threoraithe

Tá turais threoraithe ar fáil ach iad a lorg. Tá uasmhéid de dhaichead duine ar gach turas.

Maireann na turais tuairim is leathuair an chloig. Tá rochtain do chuairteoirí faoi mhíchumas i ngach áit ach amháin sa Halla Mór.

Cuairt

Idir uair an chloig agus dhá uair an chloig a mhaireann gnáthchuairt ar an bpáirc agus ar an músaem.

Cead Isteach

Níl aon táille iontrála don pháirc ná don mhúsaem.

Grianghraif / Fístéipeanna

Más mian leat cead a fháil scannánú nó grianghradóireacht tráchtála nó proifisiúnta a dhéanamh téigh i dteagmháil le brian.crowley@opw.ie le do thoil.

Ba chóir cead a lorg seachtain chun cinn ar aon scannánú nó ghrianghrafadóireacht.

Íoslódáil

Cód Iompair d’úinéirí madraí

Íoslódáil

Mapa de Pháirc Naomh Éanna

Sa Cheantar Freisin

Caisleán Ráth Fearnáin

Fad: 1.9km

Caisleán Eilíseach, athchóirithe sa ré Seoirseach, le mórbhailiúchán ealaíne.

Teach, Feirm agus Gairdíní Bhán an Aeir

Fad: 4.7km

Feirm ag saothrú tríocha is a hocht n-acra, gairdíní, caifé, agus ionad oidhreachta.

Páirc agus Teach Mharlaí

Fad: 1.3km

Páirc 300 acra ina bhfuil teach Seoirseach agus garraí daingean. Tá roinnt ceardlanna i gclós an tí mhóir.

Páirc Ghleann na Dothra

Fad: 3.6km

Páirc álainn le hoidhreacht shaibhir a ritheann le bruach na Dothra.

Baile Ráth Fearnáin

Íoslódáil

Siúlóid oidhreachta de Ráth Fearnáin, cruthaithe ag Leabharlanna Dheisceart Bhaile Átha Cliath.

Is sráidbhaile gleoite stairiúil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath é Ráth Fearnáin. Tá caiféanna maithe áitiúla go leor ann agus deiseanna breátha siopadóireacht a dhéanamh. Tá rogha breá bialanna agus tithe tábhairne ann chomh maith, más ann duit amach sa lá.

Reáchtáiltear féilte agus ceolchoirmeacha móra i bPáirc Mharlaí agus bíonn aonach ann gach deireadh seachtaine.

Níl an sráidbhaile ach 25 nóiméad ó lár na cathrach agus is bealach iontach ann féin é chun tabhairt faoi shléibhte áille Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin. Is mór is fiú cuairt a thabhairt ar Ráth Fearnáin.

Tabhair spléachadh ar stair shráidbhaile Ráth Fearnáin ar shuíomh idirlín Stair Chontae Átha Cliath Theas.

Teach an Phiarsaigh

Láthair atá bainteach le Músaem na bPiarsach agus Páirc Naomh Éanna ná Teach an Phiarsaigh i nGaillimh. Tá an láthair seo faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí chomh maith.

Teachín beag athchóirithe é seo a bhfuil radharc amach uaidh thar lochanna agus sléibhte taibhseacha Chonamara. Bhíodh sé ina theach samhraidh ag Pádraig Mac Piarais agus bhíodh scoil samhraidh ann aige dá dhaltaí ó Scoil Éanna.

Duine a chuaigh siar go Ros Muc leis an bPiarsach in 1915 ba ea Deasmhumha Ó Riain, iardhalta sa scoil, a scríobh níos déanaí faoin spreagadh a bhí le fáil ón bPiarsach ar a chuairteanna ansin: “The Twelve Pins came in sight and Pearse waved his hand here and there over the land, naming lake, mountain and district away to the Joyce Country under its purple mist.”  Ba chuimhin le hÓ Riain chomh maith na siúlóidí fada agus na turais rothair trí chroílár Ghaeltacht Chonamara, agus na scéalta a d’aithris an Piarsach a fuair sé féin ó na seanchaithe áitiúla.

Cé gur dódh an teach le linn Chogadh na Saoirse, tá an taobh istigh athchóirithe agus tá taispeántas le feiceáil ann.

Tabhair cuairt ar an suíomh idirlín do Theach an Phiarsaigh anseo.

Is féidir leat léamh faoi stair an fhoirgnimh sula dtagann tú ar cuairt.

Faigh amach cé a thóg an teach Seoirseach ina raibh Scoil Éanna tráth agus ina bhfuil an Músaem anois.