Pádraig Mac Piarais

“… when my father and my mother married there came together two very widely remote traditions – English and Puritan and mechanic on the one hand, Gaelic and Catholic and peasant on the other; freedom loving both, and neither without its strain of poetry and its experience of spiritual and other adventure. And these two traditions worked in me, and, fused together by a certain fire proper to myself, … made me the strange thing that I am.”

Pádraig Mac Piarais, Autobiography.

Tógáil

Saor cloiche ó Shasana ó dhúchas ba ea athair Phádraig, James Pearse. Tháinig sé go hÉirinn in 1857. Fuair a chéad bhean chéile bás sa bhliain 1876 agus phós sé Maighréad Ní Bhrádaigh, cúntóir siopa naoi mbliana déag d’aois, ina dhiaidh sin. Pé oideachas a bhí air, ba as a stuaim féin a d’fhoghlaim sé é den chuid is mó agus bhí an-mheas go deo aige ar leabhair agus ar an bhfoghlaim. Maidir le cúrsaí polaitíochta, thug sé tacaíocht don phoblachtach agus aindiachaí radacach Sasanach, Charles Bradlaugh. Chomh maith leis sin scríobh sé paimfléad ag tacú le Rialtas Dúchais in Éirinn.

As teaghlach traidisiúnta Caitliceach Éireannach a tháinig Maighréad Bean Mhic Phiarais, áfach. Bean chráifeach a bhí inti agus bhí sí tugtha go hiomlán dá clann leanaí, Maighréad (saolaíodh 1878), Pádraig (saolaíodh 1879), Liam (saolaíodh 1881) agus Máire Bríd (saolaíodh 1884). Máthair an-gheanúil ba ea í agus bhí Pádraig, go háirithe, an-ghar di.

Pearse and Sons

D’fhás clú James Pearse mar shnoíodóir cloiche i gcaitheamh na mblianta. Bhunaigh sé a chomhlacht féin in 1891, Pearse and Sons, agus níorbh fhada go raibh sé ar cheann de na gnónna is mó maidir le shnoíodóireacht leachtanna in Éirinn. Tá a shaothar le feiceáil go fóill in eaglaisí in Éirinn agus sa Bhreatain.

D’fhás an teaghlach aníos taobh le clós snoíodóireachta a n-athar agus bhí an teach i gcónaí lán dá chuid leabhar álainn maisithe ealaíne agus de theilgin de dhealbha móra le rá. Níorbh aon ionadh mar sin go raibh grá mór den ealaín ag na deartháireacha óga, Pádraig agus Liam. Bhí cumas ealaíne a athar i Liam agus rinne sé staidéar ar an ealaín sa Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath mar aon le tuilleadh staidéir i bPáras agus i Londain. Choinnigh na deartháireacha Pearse and Sons ag imeacht mar ghnó ar feadh roinnt éigin de bhlianta tar éis bhás a n-athar in 1900.

Pearse and Sons, 27 Sr. Brunswick Mhór (Sr. an Phiarsaigh sa lá inniu) OOP.

“If ever in an Irish church you find, amid a wilderness of bad sculpture, something good and true and lovingly finished you may be sure that it was carved by my father or by one of his pupils.”

– Pádraig Mac Piarais, Autobiography.

Grúpa de mhic léinn Meánteistiméireachta, Scoil na mBráithre Críostaí Rae an Iarthair, 1893. Tá an Piarsach suite ar an taobh ar dheis ar fad. OOP.

Oideachas

D’fhreastail Pádraig agus Liam araon ar Scoil na mBráithre Críostaí ar Rae an Iarthair. Chuaigh Pádraig ar aghaidh go dtí an Ollscoil Ríoga i mBaile Átha Cliath, áit ar bronnadh BA sna Nua-Theangacha air. I rith an ama céanna, bhí sé ag staidéar dlí in Óstaí an Rí agus glaodh chun an bharra air in 1901. Níor thóg sé ach cás amháin riamh, áfach.

Nuair nach raibh sé ach sé bliana déag d’aois bhunaigh Pádraig agus cara dá chuid an New Ireland Literary Society, a chur roimhe litríocht na Gaeilge a chur chun cinn. Toghadh an Piarsach ina Uachtarán agus bhí sé féin agus a dheartháir agus a dheirfiúracha an-sáite i gcúramaí an chumainn. Bhí an chéad saothar dá chuid a foilsíodh, Three Lectures on Gaelic Topics, bunaithe ar pháipéir a bhí tugtha aige os comhair an chumainn.

“From childhood my brother was always exceedingly studious, which accounts for his being grave and quiet beyond his years. One seldom saw him without a book open before him, or tucked away under his arm. Books concerning Ireland were, of course, first favourites; but he was always wonderfully interested in nature studies and children’s stories. Pat inherited this taste for literature from our father, who was not only a widely-read man, but was also a very able writer.”

– Máire Bríd Nic Phiarais, The Home Life of Patrick Pearse.

“Aeraíocht” de chuid Chonradh na Gaeilge i Ros Muc, Co. na Gaillimhe, c. 1905. Féile cheoil, rince agus reacaireachta amuigh faoin spéir ab ea an aeraíocht. Tá an Piarsach ina sheasamh sa tosach, hata liath air agus cóta fada dubh á chaitheamh aige. OOP.

Conradh na Gaeilge

Bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 agus é d’aidhm aige an Ghaeilge a chaomhnú agus a hathbheochan. Bhí an Piarsach ar dhuine de na baill ba dhíograisí. Chuaigh sé sa Chonradh agus gan é ach sé bliana déag in 1896 agus bhí sé ar an gcoiste feidhmiúcháin taobh istigh de dhá bhliain. Thugadh sé cuairteanna rialta ar na ceantair Ghaeltachta in iarthar na tíre, ar ghnó an Chonartha agus chun feabhas a chur ar a chuid Gaeilge féin. Ceapadh é mar eagarthóir ar iris an Chonartha, An Claidheamh Solais, sa bhliain 1903, ról an-tábhachtach ag an am.

Agus é ina eagarthóir bhí an Piarsach ag moladh de shíor go gcruthófaí nua-litríocht sa Ghaeilge. In ainneoin go raibh roinnt aistriúchán ar scéalta traidisiúnta Gaeilge foilsithe aige, ba é an chéad saothar ficsin a scríobh sé ná scéal eachtraíochta do bhuachaillí dar teideal Poll an Phíobaire. Faoin ainm cleite ‘Colm Ó Conaire’ a d’fhoilsigh sé é in 1905. Bhí sé ar dhuine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge sna blianta beaga ina dhiaidh sin, ag scríobh idir ghearrscéalta, dhánta agus dhrámaí.

“An uair do cuireadh Conradh na Gaeilge ar bun ba cheart do gach duine dár lean de a chúl do thabairt ar an gcathair agus a aghaidh do thabhairt ar an tuaith. Ba cheart dó dul imeasc na ndaoine a raibh an Ghaelige acu agus fanúint ina measc.”

– An Barr Buadh.

Léigh a thuilleadh

Dánta, drámaí agus gearrscéalta an Phiarsaigh ar CELT

Is féidir léamh faoi bheatha Liam Mhic Phiarais, deartháir Phádraig, chomh maith.