Turas an Fhearainn

Tá bailiúchán suntasach de leachtanna ón ochtú agus ó thús an naoú haois déag le fáil i bPáirc Naomh Éanna. Baoiseanna (‘follies’) a thugtar ar na leachtanna seo leis. Tógadh na foirgnimh neamhghnácha seo anseo agus ansiúd thart timpeall na páirce chun an tírdhreach a dhéanamh níos spéisiúla agus níos drámatúla. Edward Hudson agus a mhac, William Elliot Hudson, a thóg iad ag deireadh an ochtú haois déag/tús an naoú haois déag. Edward Hudson a bhaist ‘The Hermitage’ (an Díthreabh) ar an teach agus fearann, agus bhí sé aige mar áit le héalú ón gcathair agus le scíth a ligean sa suíomh álainn nádúrtha. Bhí an-spéis aige féin agus ag a mhac i stair na hÉireann agus tá go leor de na baoiseanna sa pháirc bunaithe ar fhothracha d’fhoirgnimh agus de leachtanna ársa Éireannacha.

Cruthaíodh na baoiseanna le samhlaíocht na gcuairteoirí go dtí an pháirc a spreagadh. An té a bheadh ag spaisteoireacht thart, d’fhéadfadh sé a bheith ag tuairimíocht faoi cé a thóg iad agus cén úsáid a bhí leo. D’fhéadfaidís gach saghas scéal mistéireach agus rómánsach a chumadh dóibh féin chun bunús na bhfoirgneamh aisteach a mhíniú. Tharla fíorscéal rómánsaíochta agus tragóide sa pháirc go luath sa naoú haois déag, áfach. Is ann a thit an réabhlóidí óg Robert Emmet i ngrá le bean darb ainm Sarah Curran. Bhí cónaí uirthi trasna an bhóthair ón bpáirc i dteach mór, ‘The Priory’ (an Phrióireacht). Níor thaitin Emmet le athair an chailín, John Philpot Curran, faraor, agus mar sin bhí orthu bualadh le chéile anseo faoi rún. Cuireadh Robert Emmet chun báis nuair a theip ar a éirí amach i mí Iúil 1803. Baisteadh ‘Bealach Emmet’ ar an gcosán ar an taobh thoir den pháirc tar éis a bháis agus tosaíodh ag tabhairt ‘Dún Emmet’ ar an lóiste geata sa chúinne thoir thuaidh chomh maith. Ba iad na nascanna seo le scéal Robert Emmet a thug ar an bPiarsach cuairt a thabhairt ar an gceantar ar dtús, agus ansin lena scoil a aistriú amach anseo in 1910. Bhraith sé go spreagfadh stair Emmet agus an láthair álainn drámatúil na buachaillí a bhí faoina chúram. Bhí cead a gcinn ag na buachaillí taobh istigh den pháirc agus an deis acu an nádúr ina dtimpeall a iniúchadh. Mar a dúirt sé féin, ar an ábhar go raibh na haidhmeanna is airde san oideachas ag Scoil Éanna, “it must have the finest home.”

“… at the Hermitage, Edward Hudson had made himself a beautiful home, adding a portico and new wing to the solemn old granite house that is now Scoil Éanna, and dotting his woods and fields with the picturesque bridges and arches and grottoes on which eighteenth century proprietors spent the money that their descendants (if they had it) would spend on motorcars.”

– Pádraig Mac Piarais, ‘By way of Comment’ ó An Macaomh, Nollaig 1910.

Lóiste an Gheata agus an Príomhbhealach Isteach

Tá lóiste beag aisteach an gheata lonnaithe go néata taobh thiar den phríomhbhealach isteach go dtí an pháirc. Ba é an traidisiún go mbíodh duine d’fhoireann an tí agus a chlann ina gcónaí anseo. In aimsir an Phiarsaigh bhí a gharraíodóir, Mícheál Mac Ruaidhrí, ag cur faoi ann. Cainteoir dúchais Gaeilge agus seanchaí aitheanta a bhí ann. Chomh maith le haire a thabhairt do na gairdíní mhúin sé garraíodóireacht do na buachaillí. Tugadh plota beag dá chuid féin do gach buachaill acu chun é a choimeád agus chun plandaí a fhás ann.

Lóiste. OOP.

An Teach Samhraidh

Tógadh an foirgneamh seo sa tslí is go mbeadh cuma chaisleáin bhig nó túir air. Bhí staighre san fhoirgneamh ar dtús agus d’fhéadfadh cuairteoirí dul suas ar an díon agus an radharc iontach ar chathair Bhaile Átha Cliath a fheiceáil.

Pluais an Díthreabhaigh agus Cromleac

Is duine é an díthreabhach a bheartaíonn maireachtáil leis féin, sa tslí is gur féidir leis guí agus smaoineamh gan daoine eile a bheith ag cur isteach air. Thug Edward Hudson, an té a leag amach an pháirc agus a thóg an teach, “The Hermitage” (an Díthreabh) air chun áit shuaimhneach i bhfad ó ghlór na cathrach a thabhairt chun cuimhne. Thug Pluais seo an Díthreabhaigh an deis do chuairteoirí a shamhlú go raibh díthreabhach ceart ina chónaí sa pháirc tráth dá raibh, agus go mbíodh sé ina shuí sa chathaoir uaigneach chloiche, ag machnamh go domhain. Tá carraig mhór os comhair na pluaise a fhéachann cosúil le ceann de na cromleaca ársa atá le fáil mórthimpeall na hÉireann.

Pluais an Díthreabhaigh. Grianghraf le Jonathan Callan. OOP.

Stuanna agus Almóir

Tógadh na stuanna bioracha agus an t-almóir seo le tabhairt le fios go raibh fothrach seaneaglaise anseo, luaite le díthreabhach cráifeach ó aimsir na luath-chríostaíochta. Tógadh iad san áit ina bhfuil siad d’aon ghnó, chun radharcanna den tírdhreach a “fhrámú”.

Dún Emmet

Siúil Bealach Emmet agus tiocfaidh tú go Dún Emmet, mar is cuí b’fhéidir. Leagan beag é seo de dhún míleata réaltchruthach cúigphointeach. Bhí na dúnta seo san fhaisean san 15ú haois agus leanadh dá dtógáil go dtí lár na 1800idí. Lóiste geata ba ea an foirgneamh seo i ndáiríre agus mhair leasdeirfiúr Phádraig Mhic Phiarais, Mary Emily McGloughlin, agus a hiníon, Margaret McGarvey, anseo ar feadh na mblianta fada.

Dún Emmet. OOP.

Gleann an Draoi

Mar a bhí i gceist le go leor de na baoiseanna i bPáirc Naomh Éanna, tá nádúr na struchtúr anseo mistéireach agus coimhthíoch d’aon ghnó. Tá a shílfeá a bheith ina bhealach isteach go tuama ursanach cosúil le Sí an Bhrú i measc a bhfuil le fáil sa ghleann seo atá timpeallaithe le balla ciorclach.

Gleann an Draoi. OOP.

Cloch Oghaim

Is é an t-ogham an fhoirm is luaithe de scríbhneoireacht atá le fáil in Éirinn agus tagann sé chugainn ón tréimhse luath-mheánaoiseach. Tá formhór na samplaí de a mhaireann le fáil ar ‘Chlocha Oghaim’, go háirithe i gcontaetha deisceartacha na hÉireann. Tagann an sampla seo ó thréimhse os cionn míle bliain ina dhiaidh sin, áfach, ón ochtú haois déag. Thaispeáin Edward Hudson a eolas mar ársaitheoir trí chloch oghaim dá chuid féin a chruthú ar fhearann a thí nua. B’fhéidir nach raibh ann ach ábhar grinn do scoláirí eile a bhí ábalta an scriopta ársa a aistriú, mar ní ó Éirinn ársa na nGael a thagann na focail atá greanta ann ach ó Eipistilí Horáit, an file Rómhánach. Bhí Hudson ag déanamh ceap magaidh dó féin chomh maith agus don obair go léir a bhí déanta aige ar fhearann an Hermitage. Seo aistriúchán Béarla ar an líne:

The neighbours just smile as I shift my turf and stones.

Eipistilí Horáit, I. xiv., líne 39.

Cloch Oghaim i bPáirc Naomh Éanna. OOP.

Carn Cloch

Aithris eile an cromleac seo ar thuama nó leacht ársa Éireannach.

Cromleac. OOP.

Droichead Cloiche

Bhí na droichid trasna Shruthán an Teampaill Ghil agus na baoiseanna eile mar chúlra iontach do léirithe amuigh faoin spéir de na drámaí agus na tóstail a scríobhadh an Piarsach dá dhaltaí.

Oibilisc

Na Sean-Éigiptigh a thóg na chéad oibiliscí ach d’úsáidtí iad san ochtú agus sa naoú haois déag chomh maith chun daoine agus imeachtaí tábhachtacha a chomóradh. Cheap go leor daoine, Pádraig Mac Piarais ina measc, gur tógadh an oibilisc seo san áit a cuireadh capall Sarah Curran. Is mó seans gurb é an Maor Richard Doyne, a cheannaigh an teach agus an fearann in 1859, a thóg é. Iarshaighdiúir sa Chogadh Criméach ba ea é agus tá sé ráite gur comóradh ar chapall a thóg é go blár an chatha atá anseo. Bhí sé i bhfad níos airde ar dtús, le ceithre philéar ornáideacha ar an mbonn faoi bhun na hoibilisce.

Túr an Staighre nó Teampall

D’úsáideadh cuairteoirí na céimeanna taobh leis an túr seo chun bogadh ón gcosán uachtarach go dtí an cosán íochtarach. Bhídís ábalta díon an túir a úsáid chun féachaint amach ar an bhfearann ina dtimpeall chomh maith, agus bhí seomra beag ann chun suí síos nó picnic a bheith acu. Tá an taobh amuigh den túr maisithe le clocha neamhghnácha agus le gloine ghléineach dhubh bholcánach.

 Túr an Staighre nó an Teampall. OOP.

An Garraí Dúnta

Tráth dá raibh, bhíodh garraí dúnta ag go leor seantithe móra, áit a d’fhásfaí torthaí agus glasraí. Nuair a tógadh an ceann seo ar dtús bhí tithe gloine taobh leis an mballa lena aghaidh ó dheas agus tá na háiteanna ina bhfuil sé tógtha de bhrící i bpáirt le feiceáil go fóill. Bhíodh brící i bhfad níos fearr chun teas na gréine a shú isteach agus nuair a thug an Piarsach cuairt ar an teach den chéad uair bhí fíniúin ag fás anseo. Fuair na buachaillí go léir a d’fhreastail ar an scoil oiliúint faoi gharraíodóireacht agus faoi ghairneoireacht agus bhí an deis acu paiste talún dá gcuid féin a bheith acu chun plandaí a fhás.

Tá an dealbh is nua i bPáirc Naomh Éanna le fáil sa gharraí dúnta, snoí adhmaid a rinne an dealbhóir Liam O’Neill. As adhmad chrann sequoia a d’fhás sa ghairdín a chruthaigh sé é. Bhí fréamh amháin ag an gcrann seo ach dhá thamhan ar leith agus bhaist Liam O’Neill ‘Deartháireacha’ ar an bpíosa i gcuimhne na ndeartháireacha Mhic Phiarais.