Bailiúchán

Tá bailiúchán mór d’earraí a bhaineann leis an teach, na gairdíní, an scoil, agus muintir Mhic Phiarais le fáil i Músaem na bPiarsach. Más mian leat aon ní sa bhailiúchán a cheadú téigh i dteagmháil linn le do thoil.

Tugann na deich mbuaicphointe ón mbailiúchán a roghnaíodh anseo léargas dúinn ar ghnéithe éagsúla de shaol éachtach Phádraig Mhic Phiarais. Cé gur bhásaigh sé agus gan é ach sé bliana is tríocha d’aois, bhí éagsúlacht agus fiúntas thar na bearta sa saol a chaith sé. Bhí páirt lárnach aige i ngluaiseacht na Gaeilge, bhí sé ina eagarthóir ar iris nuachta, scríobh sé drámaí, dánta agus scéalta, bhunaigh sé agus bhí sé ina ardmháistir ar Scoil Éanna agus, gan dabht, bhí sé ina cheannaire ar Éirí Amach 1916.

Baineann cuid de na míreanna le gnéithe tábhachtacha de shaol poiblí an Phiarsaigh, a thréimhse mar eagarthóir ar an gClaidheamh Soluis agus a óráid iomráiteach ag uaigh Jeremiah Uí Dhonnabháin Rosa ina measc. Baineann earraí eile le gnéithe príobháideacha agus pearsanta dá shaol agus léiríonn siad blianta spreagúla a óige agus é ag fás aníos os cionn ghnó dealbhóireachta a athar ar Shráid Brunswick Mhór (Sráid an Phiarsaigh sa lá inniu). É sin nó na huaireanta deireanacha a chaith sé lena mhuintir sular fhág sé le troid in Éirí Amach 1916. Tógtha le chéile, tá léargas le fáil sa deich mír seo ar phearsantacht chasta agus ilghnéitheach an Phiarsaigh.

PMSTE.2003.0943

Lámhscríbhinn

Lámhscríbhinn de dhírbheathaisnéis neamhchríochnaithe Phádraic Mhic Phiarais

Thosaigh Pádraic Mac Piarais ag scríobh na dírbheathaisnéise seo agus é ina thríochaidí. Níl ann ach cuntas ar bhlianta tosaigh a shaoil óir níor éirigh leis an bPiarsach é a chríochnú riamh. Sa sciar seo cuireann sé síos ar a mhuintir agus ar an oidhreacht mheasctha ó athair Sasanach agus máthair Éireannach a d’fhág scoite amach é. Críochnaíonn sé leis an méid seo:

‘For the present I have said enough to indicate that when my father and my mother married there came together two widely remote traditions, – English and Puritan and mechanic on the one hand, Gaelic and Catholic and peasant on the other; freedom loving both, and neither without its strain of poetry and its experience of spiritual and other adventure. And these two traditions worked in me and fused together by a certain fire proper to myself, but nursed by that fostering of which I have spoken made me the strange thing that I am.’

Féach mar a scrios sé an chéad chur síos a rinne sé air féin mar ‘Irish Rebel’ agus mar a chuir sé an nath i bhfad níos éiginnte, ‘strange thing that I am’, isteach ina áit.

PMSTE.2002.0859

Leabhar

Cassell’s Doré Gallery: Containing Two Hundred and Fifty Beautiful Engravings, Selected from The Doré Bible, Milton, Dante’s Purgatorio and Paradiso, Atala, Fontaine, Fairy Realm, Don Quixote, Baron Munchausen, Croquemtaine, &c. &c. With a Memoir of Doré, Critical Essay, and Descriptive Letterpress, le Edmund Ollier

Bhí samhlaíocht iontach ag an bPiarsach agus é ina pháiste – scríobh sé ina dhírbheathaisnéis ‘with every book that was read to me, with every picture I saw, with every story or song that I heard; I saw myself daring or suffering all the things that were dared or suffered in the book or song or picture’. Spreag aintín a mháthar an tsamhlaíocht seo i bPádraic óg le scéalta faoi na seanlaochra Cú Chulainn agus Fionn Mac Cumhaill mar aon le scéalta faoi fhigiúirí nua-aimseartha ar nós Napoleon, Emmet agus Tone. Bhí bailiúchán leathan leabhar dá chuid féin ag a athair, James Pearse, chomh maith agus leabhair ar ealaín, ailtireacht, an nua-stair, creideamh agus tíreolaíocht ina measc. Bhí íomhánna áille in go leor de na leabhair, cosúil leis na cinn seo ón ngreanadóir, maisitheoir agus dealbhóir Francach, Gustav Doré (1832-1883). Bhí leabhair dá leithéid seo faoina lámh ag an bPiarsach i gcónaí agus é ag fás aníos. Bhí na saothair ealaíne agus na dealbha a rinneadh i ngnó dealbhóireachta a athar mórthimpeall air i gcónaí chomh maith. Thug sé seo tuiscint dó ar ealaín agus ar chumhacht na n‑íomhá a raibh tionchar aige air ar feadh a shaoil.

Iris

An Claidheamh Soluis

Bhí an-spéis ag an bPiarsach sa Ghaeilge agus chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge, a bhí nuabhunaithe ag an am, sa bhliain 1896. Cé go raibh sé óg rinne sé an-dul chun cinn san eagraíocht. Faoin mbliain 1898 bhí sé ina bhall den Choiste Gnótha, comhairle feidhmeach na heagraíochta, agus bhí sé i gceannas ar an gcoiste foilsiúcháin. Ceapadh ina eagarthóir ar iris an Chonartha – An Claidheamh Soluis – é in 1903 agus d’fhan sé sa phost sin go dtí 1909. Mar ba ghnách leis thug sé faoin dúshlán go fonnmhar – mhéadaigh sé ar an iris agus chuir sé fuinneamh nua san ábhar. Ní raibh leisce air conspóid a tharraingt anois is arís agus cháin sé dearcadh na hEaglaise Caitlicí i leith na teanga fiú in amanna.

 

PMSTE.2002.0758

Leabhar

Íosagán agus Scéalta Eile le Pádraic Mac Piarais

Mar eagarthóir ar an gClaideamh Soluis thuig an Piarsach go raibh gá le litríocht nua-aimseartha i nGaeilge le freastal orthu siúd a theastaigh uathu an teanga a fhoghlaim. Scríobh sé dornán leabhar i nGaeilge é féin, an ceann seo san áireamh – Íosagán agus Scéalta Eile. Bhí ceithre scéal ann, iad go léir suite i nGaeltacht Chonamara in Iarthar na hÉireann. Bhí an-chion ag an bPiarsach ar Chonamara agus is minic a ndeachaigh sé ar cuairt ann. In imeacht ama thóg sé teach beag dó féin sa Ghaeltacht, i bparóiste Ros Muc.

Theastaigh ón bPiarsach go mbeadh íomhánna tarraingteacha le fáil ina leabhar. Chuir an t‑ealaíontóir agus úinéir na ceardlainne gloine dhaite An Túr Gloinne, Sarah Purser, ealaíontóir eile a d’oibrigh di, Beatrice Elvery, ina threo. Thagadh an Piarsach go dtí an cheardlann agus d’aistríodh sé na scéalta d’Elvery le maisiú, de bharr nár labhair sí féin Gaeilge. Chuir sí síos air níos déanaí mar ‘a bulky, pale, shy man whose black clothes made him look as if he belonged to some religious order.’

PMSTE.2003.0768

Cairt

Cairteacha Chú Chulainn. Páirt 1. Ainmfhocail

Bhunaigh an Piarsach a scoil, Scoil Éanna, i dTeach Fhiodh Cuillinn i Raghnallach sa bhliain 1908 agus d’aistrigh sé an scoil amach go dtí Ráth Fearnáin ar imeall chathair Bhaile Átha Cliath dhá bhliain níos déanaí. Chreid an Piarsach go láidir go raibh an t‑oideachas lárnach i gcaomhnú na Gaeilge. Bhí sé go mór i bhfábhar modhanna teagaisc nua, go háirithe an “Modh Díreach” a bhí feicthe in úsáid aige agus teangacha á dteagasc i scoileanna na Beilge. Bhí áiseanna amhairc agus pictiúir i gceist leis an modh seo chun focail nua a mhúineadh do dhaltaí agus bhí sé mar aidhm iad a spreagadh le foghlaim trí chomhrá agus trí a gcuid scileanna teanga a úsáid i ngnáthshuíomhanna laethúla.

Theastaigh ón bPiarsach go mbeadh a scoil spreagúil agus inspioráideach dá dhaltaí, lán le rudaí spéisiúla a rugadh greim ar a gcuid samhlaíocht. Is é seo ceann de na háiseanna teagaisc a bhí in úsáid sa scoil. Chruthaigh an Dundealgan Press Cairteacha Chú Chulainn chun an Ghaeilge a mhúineadh sna scoileanna. Bhí íomhánna geala daite iontu de ghnáthearraí laethúla agus a n‑ainm as Gaeilge taobh leo. Gach seans go raibh an Piarsach breá sásta gur i ndiaidh Cú Chulainn, laoch a óige ó seanscéalta laochais na Gaeilge, a ainmníodh na cairteacha chomh maith. Dúirt duine d’iardhaltaí an Phiarsaigh níos déanaí gur luadh Cú Chulainn chomh minic sin sa scoil go raibh sé ar nós ‘an important but invisible member of staff’!

PMSTE.2003.0703

Ticéad

Ticéad go dtí léiriú de The Post Office le Rabindranath Tagore agus An Rí le Pádraic Mac Piarais in Amharclann na Mainistreach, 17 Bealtaine 1913

Bhain scoil Éanna clú amach as feabhas na ndrámaí a léirítí sa scoil. D’iarr an Piarsach tacaíocht don scoil ar an bhfile W.B. Yeats in 1913. Bhí Yeats ar dhuine de na stiúrthóirí ar Amharclann na Mainistreach ag an am agus thoiligh sé léiriú a chur ar siúl ar mhaithe le hairgead a bhailiú don scoil. Dhá dhráma a bhí i gceist: aistriúchán Yeats ar dhráma leis an bhfile Indiach, Rabindranath Tagore, agus dráma an Phiarsaigh, An Rí, á chur i láthair ag daltaí Scoil Éanna.

Bhí Tagore ar dhuine d’fhilí móra na hIndia agus bhí an‑mheas ag Yeats ar a chuid saothar. Bhí spéis ag Tagore san oideachas chomh maith agus bhunaigh sé scoil in mBeangál a thuill an teideal ‘Scoil Éanna na hIndia’. Sa bhliain 1915 scríobh Tagore faoi léiriú de An Rí a léiríodh mar chuid d’fhéile dhrámaíochta a scoile. Amuigh faoin aer agus faoi sholas na gealaí a léiríodh an dráma agus bhí na haisteoirí gléasta i gcultacha traidisiúnta Bheangál.

PMSTE.2003.0797

Ticéad

Ticéad do léacht ar Irish Education and the New Volunteer Force le Pádraic Mac Piarais i Halla an Parkway Building, Philadelphia, 23 Márta 1914

Bhí Scoil Éanna gann ar airgead i gcónaí agus in 1914 chuaigh an Piarsach ar thuras léachtóireachta go dtí na Stáit Aontaithe chun tuilleadh airgid agus deonóirí saibhre a mhealladh i dtreo na scoile. Thuig sé go tapa go raibh níos mó spéis ag an lucht féachana Gael-Mheiriceánach sa bhaint a bhí aige le hÓglaigh na hÉireann, a bhí díreach curtha ar bun in Éirinn ag an am. Léiríonn an ticéad seo do léacht a thug an Piarsach in Philadelphia a iarrachtaí an dá ábhar a nascadh. Bulmer Hobson ba ea an cainteoir eile: bhí Hobson ina bhall d’Ard-Chomhairle Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann (an IRB), eagraíocht rúnda a ghníomhaigh ar son Éire neamhspleách. D’úsáid Hobson a chuid teagmhálacha chun deiseanna óráidíochta a shocrú don Phiarsach agus ghlac sé isteach san IRB é go luath sular thug sé aghaidh ar Mheiriceá. Tá dearcadh níos radacaí an Phiarsaigh le feiceáil sna hóráidí a thug sé uaidh i Meiriceá. Ag labhairt dó in Brooklyn ar an dara lá de Mhárta 1914 dúirt sé go raibh fir Éire tar éis teacht ar an tuiscint ‘that they share a common patriotism, that their faith is one and that there is one service in which they can come together at last: the service of their country in arms.’

PMSTE.2003.0026.1-4

Lámhscríbhinn

Lámhscríbhinn den óráid a thug Pádraic Mac Piarais ag sochraid Uí Dhonnabháin Rosa

D’éag Jeremiah Ó Donnabháin Rosa, duine de cheannairí Éirí Amach na bhFíníní sna 1860idí, ar an 29 Meitheamh 1915. Tháinig Óglaigh na hÉireann, Arm Cathartha na hÉireann agus eagraíochtaí scarúnaíocha eile le chéile chun sochraid phoiblí ollmhór a phleanáil don chéad lá de Lúnasa. I ngan fhios do chách, áfach, ba iad Bráithreachas Phoblacht na hÉireann (an IRB) a stiúraigh an ócáid go léir. Bheartaigh a gceannaire siúd, Tomás Ó Cléirigh, gurb é an Piarsach ba chóir an óráid a thabhairt ag an uaigh.

Is í seo an lámhscríbhinn d’óráid iomráiteach an Phiarsaigh. Ba é buaic na hóráide an t‑alt deireanach inar ghríosaigh an Piarsach a lucht éisteachta le diúltú do riail na Breataine in Éirinn:

‘Life springs from death; and from the graves of patriot men and women spring living nations. The Defenders of the Realm have worked well in secret and in the open. They think they have pacified Ireland. They think that they have purchased half of us and intimidated the other half. They think they have forseen everything, think that they have provided against everything; but the fools, the fools the fools! – they have left us our Fenian dead, and while Ireland holds these graves, Ireland unfree shall never be at peace.’

PMSTE.2005.0377.01-4

Cupáin agus Fochupáin

Na cupáin agus na fochupáin dheireanacha a d’úsáid deartháireacha Mhic Phiarais i Scoil Éanna

D’úsáid deartháireacha Mhic Phiarais na gnáthchupáin agus na gnáthfhochupáin mhantacha seo ag an dinnéar teaghlaigh deireanach a chaith siad i Scoil Éanna. D’fhan siad mar cheangal fisiciúil ag máthair agus ag deirfiúracha na bPiarsach leis an uain phríobháideach dheireanach sin a bhí acu sular scriosadh an teaghlach acu go deo. Blianta ina dhiaidh sin chur Margaret Pearse síos ar an bhfágáil slán deireanach a bhí aici lena deartháir:

‘After tea and a little talk they both arranged to leave us again. As they were passing through the front hall Pat suddenly turned back and went down the stairs again. Mother said, “Did you forget something?” He said “I did”. He came back and either mother or I asked him “Did you get it?”- I do not know what it was that he had forgotten – his answer was “I did”. Those were the last words I ever heard him speak.’

PMSTE.2003.0980.01-2

Bonn

Bonn Comórtha Deich Scilling 1916-1966

Sa bhliain 1966, mar chomóradh 50 bliain ar Éirí Amach 1916, eisíodh bonn speisialta deich scilling déanta as airgead. Bhí íomhá de dhealbh Oliver Sheppard de Chú Chulainn ar thaobh amháin agus próifíl an Phiarsaigh ar an taobh eile. Ba léiriú an cinneadh aghaidh an Phiarsaigh amháin a chur ar an mbonn ar an tslí a tháinig an Piarsach chun cinn mar mhórphearsa Éirí Amach 1916. Tá taobhphróifíl a aghaidhe chomh aitheanta mar shiombail den Éirí Amach anois agus atá an Forógra féin nó fothrach loiscthe an GPO fiú. Tá an íomhá chéanna sin tar éis a bheith ar stampaí, tá dealbh cré-umha déanta di, agus tá sí greanta i gcloch. Is deacair uaireanta an Piarsach a shamhlú mar ghnáthdhuine de bharr an léiriú íocónach atá déanta air ó uair a bháis. Mar a dúirt a iardhalta agus a rúnaí pearsanta, Desmond Ryan: ‘Pearse never was a legend, he was a man.’

coin

Féach níos mó íomhánna d’earraí sa teach ar an Turas ar Líne.

Tá go leor samplaí tábhachtacha d’ealaín, de dhealbhóireacht, de throscán agus de mhaisiúcháin istigh le feiceáil i Músaem na bPiarsach.