Tar Éis an Éirí Amach

Maighréad Bean Mhic Phiarais

Bhris marú a beirt mhac croí Bhean Mhic Phiarais. Thángthas uirthi uaireanta ag siúl na sráide ag glaoch amach do “Pat and Willie! Pat and Willie!” Ba mhinic trúpaí na Breataine ag déanamh ruathar ar a teach agus níor scaoileadh léi filleadh ar Scoil Éanna go dtí 1919.

Figiúirí siombalacha fíorchumhachtacha ba ea baintreacha, dílleachtaí agus máithreacha cheannairí 1916 a cuireadh chun báis. Ba chuid lárnach iad d’fheachtais bholscaireachta na Náisiúnach Éireannach i dtréimhse Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad (1919-23). Tugadh aird ar leith do Bhean Mhic Phiarais toisc stádas Phádraig i measc na gceannairí. Toghadh chun Dáil Éireann í in 1919. Thacaigh sí go dílis le hÉamon de Valera agus d’áitigh sí go láidir nár chóir glacadh le Conradh Angla-Éireannach 1921. Rinneadh ruathar ar Scoil Éanna sa Chogadh Cathartha a lean sin, dá bharr. Bhí sí diongbháilte de go gcoinneofaí cuimhne a beirt mhac agus thug sí go leor dá cuid ama ar chamchuairteanna bailithe airgid do Scoil Éanna in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe.

“I would have brought you royal gifts, and I have brought you
Sorrow and tears: and yet, it may be
That I have brought you something else besides-
The memory of my deed and of my name.”

– Pádraig Mac Piarais, To My Mother, 1916.

Maighréad Bean Mhic Phiarais
An Seanadóir Maighréad Nic Phiarais. OOP.
 Máire Bríd Nic Phiarais. OOP.

Na Deirfiúracha Nic Phiarais

Murab ionann agus an chuid eile dá teaghlach, níor aontaigh Máire Bríd Nic Phiarais le páirt a deartháireacha in Éirí Amach 1916. Tá sé ráite go ndeachaigh sí go dtí Ard-Oifig an Phoist ar Luan Cásca chun impí ar Phádraig filleadh abhaile. Ar nós a dearthár, theastaigh uaithi bheith ina scríbhneoir. Bhí sí tar éis ceol a mhúineadh ar feadh tréimhse i Scoil Éanna. Thit sí amach lena deirfiúr, Maighréad, tar éis bhás a máthar. D’éirigh eatarthu maidir le foilsiú, The Home Life of Patrick Pearse, an dara leabhar de chuid Mháire Bhríd, ina raibh sleachta fada de dhírbheathaisnéis neamhchríochnaithe Phádraig. Réitigh siad an scéal ar deireadh, ach ní raibh fíormhuintearas eatarthu go deo arís.

Nuair a cailleadh a máthair, ghlac Maighréad Nic Phiarais uirthi féin cuimhní a ndeartháireacha a chaomhnú. Thacaigh sí go dílis le De Valera agus le Fianna Fáil agus cúitíodh as sin í nuair a ceapadh ina Seanadóir í in 1937. Chaith sí a saol i Scoil Éanna ach bhí sí de shíor faoi bhrú airgid. Ligeadh an réadmhaoin i léig i gcaitheamh na mblianta. D’éag sí in 1968 agus, mar a d’iarr a máthair, d’fhág sí Scoil Éanna le huacht ag muintir na hÉireann.

“My brother’s diary ends abruptly here. I am very sorry that it has ended; for I have a curious, blank feeling, as if some pleasant confidential voice had suddenly grown silent.”

Máire Bríd Nic Phiarais, The Home Life of Patrick Pearse.

Pádraig Mac Piarais an tÍocón

Níorbh fhada go rabhthas ag féachaint ar Phádraig Mac Piarais mar phríomhphearsa íocónach Éirí Amach 1916. Cé gur ainmníodh é mar cheannasaí an Éirí Amach, i ndáiríre ba bheag an bhaint a bhí aige leis an mbeartaíocht agus an straitéis mhíleata, go praiticiúil. Ach, cé is moite de Shéamas Ó Conghaile, ba é an t-aon duine de na ceannairí a cuireadh chun báis a d’fhág teistiméireacht pholaitiúil scríofa ina dhiaidh a mhínigh go sonrach na spriocanna idé-eolaíochta a bhí taobh thiar den Éirí Amach. Rinneadh guth údarásach Éirí Amach 1916 dó, agus b’in mar a bhí suas go dtí na 1960idí.

De réir mar a mhéadaigh ar an ómós a léiríodh dá chuimhne, bhíothas ag tosú ag labhairt ar an bPiarsach mar a labharfaí de ghnáth faoi naomh nó seanlaoch miotasach. Tugadh neamhaird ar chastacht a phearsantachta agus na laigí daonna a bhain leis mar fhear, mar aon leis na smaointe ba radacaí a bhí aige faoi chúrsaí sóisialta, polaitíochta agus oideachais. Bhí mar thoradh ar an íomhá seo gan cháim den Phiarsach a chuir go leor dá lucht leanúna chun cinn, go raibh na hionsaithe a rinneadh ar a chuid smaointe agus ar a thionchar chomh tréan, míchuibheasach céanna nuair a tháinig siad. B’fhíor sin go háirithe ó na 1970idí ar aghaidh nuair a thosaigh staraithe agus tráchtairí ag scrúdú a cháil an athuair. Rud nach bhfuil ceist ar bith faoi ná go bhfuil an Piarsach lárnach in aon tuiscint ar fhréamhacha an náisiúnachais chultúrtha agus pholaitiúil in Éirinn na nua-aoise.

“I care not though I were to live but one day and one night provided my fame and my deeds live after me.”

– Mana scríofa ar bhalla Scoil Éanna i dTeach Fhiodh Cuillinn.

Seamus Murphy, dealbhóir, c.1937. OOP.

Tá leabharliosta iomlan d’ábhar a bhaineann le muintir Phiarais agus le Scoil Éanna le fáil ar leathanach na hAmlíne.